-
Notifications
You must be signed in to change notification settings - Fork 0
/
Copy pathBui.html
976 lines (976 loc) · 25.7 KB
/
Bui.html
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77
78
79
80
81
82
83
84
85
86
87
88
89
90
91
92
93
94
95
96
97
98
99
100
101
102
103
104
105
106
107
108
109
110
111
112
113
114
115
116
117
118
119
120
121
122
123
124
125
126
127
128
129
130
131
132
133
134
135
136
137
138
139
140
141
142
143
144
145
146
147
148
149
150
151
152
153
154
155
156
157
158
159
160
161
162
163
164
165
166
167
168
169
170
171
172
173
174
175
176
177
178
179
180
181
182
183
184
185
186
187
188
189
190
191
192
193
194
195
196
197
198
199
200
201
202
203
204
205
206
207
208
209
210
211
212
213
214
215
216
217
218
219
220
221
222
223
224
225
226
227
228
229
230
231
232
233
234
235
236
237
238
239
240
241
242
243
244
245
246
247
248
249
250
251
252
253
254
255
256
257
258
259
260
261
262
263
264
265
266
267
268
269
270
271
272
273
274
275
276
277
278
279
280
281
282
283
284
285
286
287
288
289
290
291
292
293
294
295
296
297
298
299
300
301
302
303
304
305
306
307
308
309
310
311
312
313
314
315
316
317
318
319
320
321
322
323
324
325
326
327
328
329
330
331
332
333
334
335
336
337
338
339
340
341
342
343
344
345
346
347
348
349
350
351
352
353
354
355
356
357
358
359
360
361
362
363
364
365
366
367
368
369
370
371
372
373
374
375
376
377
378
379
380
381
382
383
384
385
386
387
388
389
390
391
392
393
394
395
396
397
398
399
400
401
402
403
404
405
406
407
408
409
410
411
412
413
414
415
416
417
418
419
420
421
422
423
424
425
426
427
428
429
430
431
432
433
434
435
436
437
438
439
440
441
442
443
444
445
446
447
448
449
450
451
452
453
454
455
456
457
458
459
460
461
462
463
464
465
466
467
468
469
470
471
472
473
474
475
476
477
478
479
480
481
482
483
484
485
486
487
488
489
490
491
492
493
494
495
496
497
498
499
500
501
502
503
504
505
506
507
508
509
510
511
512
513
514
515
516
517
518
519
520
521
522
523
524
525
526
527
528
529
530
531
532
533
534
535
536
537
538
539
540
541
542
543
544
545
546
547
548
549
550
551
552
553
554
555
556
557
558
559
560
561
562
563
564
565
566
567
568
569
570
571
572
573
574
575
576
577
578
579
580
581
582
583
584
585
586
587
588
589
590
591
592
593
594
595
596
597
598
599
600
601
602
603
604
605
606
607
608
609
610
611
612
613
614
615
616
617
618
619
620
621
622
623
624
625
626
627
628
629
630
631
632
633
634
635
636
637
638
639
640
641
642
643
644
645
646
647
648
649
650
651
652
653
654
655
656
657
658
659
660
661
662
663
664
665
666
667
668
669
670
671
672
673
674
675
676
677
678
679
680
681
682
683
684
685
686
687
688
689
690
691
692
693
694
695
696
697
698
699
700
701
702
703
704
705
706
707
708
709
710
711
712
713
714
715
716
717
718
719
720
721
722
723
724
725
726
727
728
729
730
731
732
733
734
735
736
737
738
739
740
741
742
743
744
745
746
747
748
749
750
751
752
753
754
755
756
757
758
759
760
761
762
763
764
765
766
767
768
769
770
771
772
773
774
775
776
777
778
779
780
781
782
783
784
785
786
787
788
789
790
791
792
793
794
795
796
797
798
799
800
801
802
803
804
805
806
807
808
809
810
811
812
813
814
815
816
817
818
819
820
821
822
823
824
825
826
827
828
829
830
831
832
833
834
835
836
837
838
839
840
841
842
843
844
845
846
847
848
849
850
851
852
853
854
855
856
857
858
859
860
861
862
863
864
865
866
867
868
869
870
871
872
873
874
875
876
877
878
879
880
881
882
883
884
885
886
887
888
889
890
891
892
893
894
895
896
897
898
899
900
901
902
903
904
905
906
907
908
909
910
911
912
913
914
915
916
917
918
919
920
921
922
923
924
925
926
927
928
929
930
931
932
933
934
935
936
937
938
939
940
941
942
943
944
945
946
947
948
949
950
951
952
953
954
955
956
957
958
959
960
961
962
963
964
965
966
967
968
969
970
971
972
973
974
975
976
<!DOCTYPE html>
<html>
<head>
<title>Lá Buí Bealtaine</title>
</head>
<body>
<p>
<br/>
Lá Buí Bealtaine
<br/>
<br/>
Máiréad Ní Ghrada
<br/>
<br/>
*********
<br/>
<br/>
<br/>
NA PEARSANA:
<br/>
<br/>
BANALTRA |
<br/>
<br/>
BANALTRA 2
<br/>
<br/>
PEADAR MAC FHLANNCHADHA ina sheanduine
<br/>
PEADAR MAC FHLANNCHADHA ina bhuachaill óg
<br/>
NÓINÍN NÍ CHATHASAICH ina seanbhean
<br/>
<br/>
NÓINÍN NÍ CHATHASAIGH ina cailín óg
<br/>
<br/>
PÁID Ó SÉ fear atá i ngrá le Nóinín
<br/>
<br/>
BUACHAILLÍ ÓGA, CAILÍNÍ ÓCGA,
<br/>
RINCEOIRÍ AGUS FIDLÉIR
<br/>
<br/>
SLÍOMH: An gairdín in ospidéal do sheandaoine. Lá
<br/>
samhraidh atá ann. An ghrian ag taitneamh. Éin ag cantain.
<br/>
Dhá chrann ag an dá thaobh den stáistse: iad faoi dhuilliúr.
<br/>
<br/>
*************
<br/>
<i> <br/>
Tagann Banaltra 1 isteach ar dheis. Cathaoir rothaí á tiomáint roimpi
<br/>
aici. Seanfhear sa chathaoir. Seál trasna ar a ghuaillí. Súsa thar a
<br/>
ghlúine. Fear an-chríonna atá ann agus lá ag dul dá mheabhair ag an
<br/>
aois. Is léir, áfach, go raibh sé ina fhear cumasach, tráth. É, ard
<br/>
slinneánach. Tá a ghruaig liath, ach tá fabhraí a shúl go tiubh agus go
<br/>
dubh fós. Sánn an bhanaltra an chathaoir roimpi agus socraíonn faoin
<br/>
in ar clé í. Cailín deas óg is ea í sin. Í bríomhar aibí inti féin.
<br/>
Cailín dea-chroíoch go leor í: má, bhraitear cruas nó easba láíochta inti,
<br/>
is iad riachtanais a gairme beatha is cúis leis sin. Tá an anamúlacht
<br/>
bhréagach inti a ghabhann lena ceird. Labhraíonn sí leis an seanduine
<br/>
faoi mar a labhródh sí le páiste.</i>
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Is ea anois. Beir go seascair sásta duit féin go fóill.
<br/>
Scáth agat ó ghrian agus ó ghaoth agus tú ar do chúilín
<br/>
seamhrach ag éisteacht le ceol na n-éan, gan cíos, cás nó
<br/>
cathú ort.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Drochrath orthu, mar éin. Tá an iomad gleo acu.
<br/>
Drochrath orthu, a deirim.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1. <i>(Í ag socrú an philiúir faoina cheann)</i> Anois, anois, ná
<br/>
bíodh aon droch-chaint asat.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(Mailís leanbaí asr, faoi mar a bheadh ar gharsún tar éis
<br/>
drochfhocal a rá) </i>Drochrath orthu, a deirim.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Má bhíonn tú ag eascainí, ní chuirfead siúcra i do
<br/>
chuid tae ar ball, agus ní bheir buíoch díot féin. Ba cheart
<br/>
go mbeifeá suairc gealgháireach inniu. Nach cuimhin
<br/>
leat cad é an lá atá inniu agat? Inniu lá do bheireatais.
<br/>
'Bhfuil a fhios agat cén aois tú?
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(Go mórálach)</i> Táim ocht mbliana agus ceithre scór.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1. Nach maith go bhfuil an méid sin ar eolas agat go
<br/>
beacht! Is breá an garsún do d'aois tú, bail ó Dhia ort!
<br/>
Seo anois, bhfuilir go seascair compordach?
<br/>
<br/>
*********
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Mo phíopa. Tabhair chugam mo phíopa
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Anois, anois, nach. bhfuil fhios agat nach
<br/>
ceadaithe duit do phíopa a chaitheamh ach amháin nuair
<br/>
a bhímse taobh leat chun aire a thabhairt duit? Nach
<br/>
cuimhin leat an rud a tharla duit an lá faoi dheireadh
<br/>
nuair a thit do chodladh ort agus tú ag caitheann, do
<br/>
phíopa istigh sa leaba i ngan fhios? Bhí deireadh leat an
<br/>
lá sin, a bhuachaill. mura mbeadh mise a rith chugat go
<br/>
tapa. Anois, anois, ná bí ag tormas. Má bhíonn tú i do
<br/>
bhuachaill maith tabharfad do phíopa chugat chomh
<br/>
luath agus a bheidh do dhinnéar ite agat agus beidh gal
<br/>
agat ar do shuaimhneas.
<br/>
<i> <br/>
Tagann Banaltra 2 isteach. Cathaoir eile á tiomáint roimpi aici,
<br/>
Seanbhean sa chathaoir. Tá an bhanaltra seo dealraitheach la
<br/>
an mbanaltra eile, ach gan í a bheith chomh bríomhar léi, Nil
<br/>
an tseanbhean chomh críonna leis an seanfhear, agus i léir nach
<br/>
bhfuil easpa céille uirthi. Í milítheach, caite, ach gruaig chas ar
<br/>
dhath an airgid ghal ar a ceann. A guth chomh binn aibí le guth
<br/>
cailín óig. Mallachar radhairc uirthí, áfach, agus í rud beag
<br/>
bodhar.</i>
<br/>
<br/>
BANALTRA 2. <i>
(Í ag socrú na cathaoireach faoin gcrann ar dheis)</i> Anois
<br/>
duit, nach deas an áit é seo?
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Ait álainn ar fad é.
<br/>
<br/>
BANALTRA 2 Beidh tamall suáilceach agat anseo sa ghairdín. Tá
<br/>
an lá go breá.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Tá sé go haoibhinn, moladh le Dia
<br/>
<br/>
BANALTRA 2 Fágfad anseo go ceann leathuair an chloig tú. Má
<br/>
bhíonn an lá ámárach go breá arís, beidh tamall níos sia
<br/>
agat faoin aer. Is leor leathuair an chloig don chéad lá.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Táim an-bhuíoch díot, a chroí
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Mo phíopa. Tabhair chugam mo phíopa
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Anois, anois, dúras leat gan a bheith crosta
<br/>
Gheobhair do Phíopa ar ball.
<br/>
BANALTRA 2 <i>
(Leis an Iseanbhean)</i> Bí i do chailín maith anois go
<br/>
bhfillfeadsa.
<br/>
<br/>
*******
<br/>
<br/>
SEANBHEAN <i></i> (Í ag gáire lé!) Ní baol go ndéanfad aon díobháil fad
<br/>
is a bheir imithe uaim.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Mo phíopa. Tabhair chugainn mo phíopa, a deirim
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Má bhíonn tú ag tormas, tabharfad isteach sa tigh
<br/>
arís tú. Cuimhnigh gurb é seo lá do bheireatais agus go
<br/>
bhfuilir ocht mbliana agus ceithre scór.
<br/>
<i>Tagann an bheirt bhanallraí go lár an stáitse.</i>
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Ní leomhfainn a phíopa a thabhairt dó, ar eagla go
<br/>
gcuirfeadh sé a chuid éadaigh trí thine, faoi mar a rinne
<br/>
sé an lá faoi dheireadh. An le déanaí a tháinig sí seo
<br/>
isteach?
<br/>
<br/>
BANALTRA 2 Tá sí anseo againn le mí ach 'sé seo an chéad lá
<br/>
amuigh aici. Ní raibh aon súil againn go dtiocfadh sí as,
<br/>
ach tá sí ag téarnamh go tiubh. Bean bhocht ghleoite is
<br/>
ea í. Bíonn sí ag guí ratha orm gach aon ní a dhéanaim
<br/>
di.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1. Drochrath is mó a ghuíonn mo dhuine ormsa. Tá
<br/>
ag dul dá mheabhair ag an tseanaois. <i>(Féachann ar a
<br/>
huaireadóir)</i> Is ea, a chailín, tá sé in am dinnéir agus ní
<br/>
bheidh sí féin buíoch dínn má bhímid déanach. Fágaimis
<br/>
ár lánúin óg anseo le chéile. Ní baol go n-éalóidh siad
<br/>
lena chéile fad is a bheimid imithe uathu.
<br/>
<i>Imíd agus iad ag gáire. I gcaitheamh na cainte seo a leanas,
<br/>
labhraíonn an tseanbhean amhail is gur lá fén a bheadh sí ag
<br/>
caint. Bíonn an seanfhear ag cnáimhseáil dó féin os íseal, gan
<br/>
aon suim aige mil. Ó am go ham léann focal dá cuid cainte i
<br/>
bhfeidhm air agus labhraíonn sé os ard. Ní chloseann sise é.</i>
<br/>
<br/>
SEANBHEAN. Is aoibhinn an lá é; moladh le Dia. Gaoth agus
<br/>
grian ann. Is milis iad in éineacht
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Drochearra an bhanaltra sin. Ní ligeann sí dom mo
<br/>
phíopa a chaitheamh. Drochrath uirthti. Drochrath
<br/>
uirthi, a deirim.
<br/>
<br/>
<br/>
SEANBHNEAN <i>(Cluas uirlhi ag éisteacht le cantain ha n-éan)</i> Sin guth
<br/>
an smólaigh.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Drochrath orthu, mar éin. Tá an iomad gleo acu
<br/>
<br/>
********************
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Ní fheadar an é sin an smólach céanna a bhí a
<br/>
cantain lasmuigh den fhuinneog le breacadh an lae. Níor
<br/>
chuala riamh ceol chomh binn leis.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Tá an iomad gleo acu, mar éin. Ní ligeann siad do
<br/>
sheanduine codladh a dhéanamh.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Tá néalta beaga bána ag snámh trasna na spéire. Is
<br/>
cuma iad nó lomraí caorach.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(Os ard)</i> Bean mar mhuc, bean mar chearc, bean
<br/>
mar chaora. <i>(Déanann leamhgháire.)</i>
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Tá leoithne dheas ghaoithe ann. An ghaoth aniar
<br/>
is í atá ann.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(É ag cuardach ina chuid éadaigh)</i> Drochearra í siúd.
<br/>
Ní ligeann sí dom mo phíopa a chaitheamh. Ach táimse
<br/>
ábalta di. Tá píopa eile agam i ngan fhios dí. <i>(É ag
<br/>
scigireacht gáire)</i> Cá bhfuil sé agam? <i>(Annsíonn sé an píopa
<br/>
1 bpóca an eireaball a chasóige)</i> Hí, hí, hí! Tá sé agam.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN An ghaoth aniar. Tá sí ag teacht chugainn ón
<br/>
bhfarraige mhór. Tá sí ag teacht chugainn thar cnoic
<br/>
agus machairí, thar sléibhte agus thar móinte.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Tobac. Cár chuireas an tobac a thug bean mo mhic
<br/>
chugam an lá eile?
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Tá an ghaoth aniar ag séideadh thar Mhóin a' Lín
<br/>
inniu.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Móin a' Lín. Móin a' Lín.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Tá an ceannbhán ag luascadh anonn is anall ar
<br/>
Mhóin a' Lín inniu, agus na fuiseoga ag cantain sa spéir
<br/>
in airde.
<br/>
<br/>
<i>(Gáire á dhéanamh aige.)</i>
<br/>
SEANBHEAN Lá buí Bealtaine.
<br/>
<br/>
Tá na meithleacha ag obair ar
<br/>
Mhóin a' Lín inniu. Buachaillí ar na sleánta. Buachaillí
<br/>
ag píceáil. Cailíní ag tabhairt an dinnéir chucu
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(É ag iarraidh Íasáin a dheargadh)</i> Drochrath orthu
<br/>
mar lasáin. Táid tais. Bean mo mhica thug chugam iad
<br/>
agus táid tais.
<br/>
<br/>
******
<br/>
<br/>
<br/>
<br/>
<br/>
<br/>
SANBHEAN Buachaillí óga agus cailíní óga ag obair ar an
<br/>
bportach. spórt agus gáirí geala acu. Is breá an ní an óige
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Is breá an ní an óige an té a chaitheann ar fónamh
<br/>
é. <i>(Tá mórtas air an seanfhocal a bheith go beacht aige agus deir
<br/>
sé arís faoima anáil é.)</i>
<br/>
<i>De réir mar a insíonn an tseanbhean a scéal sa chaint seo a
<br/>
leanas, tagann na pearsana a luann sí ar an ardán agus
<br/>
déanann siad geáitsí aithrise ar an rud a bhíonn á rá aici.
<br/>
Tuigtear don lucht féachana nach bhfuilid ann dáiríre ach gurb
<br/>
amhlaidh a chíonn an tseanbhean le súile a meabhrach iad.
<br/>
Seinntear ceol bog binn i gcaitheamh na cainte.</i>
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Lá buí Bealtaine mar seo is ea a chonac Peadar Mac
<br/>
Fhlannchadha den chéad uair riamh. <i>(Tagann Peadar
<br/>
Mac Fhlannchadha ar an ardán. Ligeann sé air go bhfuil sé ag
<br/>
píceáil.)</i> Ocht mbliana déag a bhíos san am. Bhí meitheal
<br/>
againn ar an bportach. Bhí seisean ina fhear píce.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(Tá an Píoba dearg aige faoin am seo. É luite siar ina
<br/>
chathaoir agus é ag baint aoibhnis as an tobac)</i> Gibiris
<br/>
chainte! Ní bhíonn ag na mná ach gibiris chainte.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Thángas féin agus Neilí Ní Bhriain chun an
<br/>
phortaigh leis an dinnéar. <i>(Tagann beirt chailíní óga ar an
<br/>
ardán.)</i> Chonac Peadar Mac Fhlannchadha. Thug mo
<br/>
chroí taitneamh dó. Bhí sé ceann-lomnochta. Bhí an
<br/>
leoithne ghaoithe ag súgradh leis an mothall gruaige a
<br/>
bhí air.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Gibiris chainte! Gibiris chainte!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Bhí na fóid throma fhliucha á gcaitheamh uaidh
<br/>
aige, amhail is ná beadh unsa meáchain in aon cheann
<br/>
acu. Ba lúfar scafánta an buachaill an lá sin é.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR An áit a mbíonn bean, bíonn caint ann.
<br/>
SEANBHEAN Thóg sé a cheann agus d'fhéach sé orm. Thugamar
<br/>
grá dá chéile ar an gcéad luí súl. <i>(Síneann an buachaill agus
<br/>
an cailín a lámha chun a chéile.)</i> Cheapas ná raibh ar an saol
<br/>
ar an nóiméad sin ach an bheirt againn — Peadar Mac
<br/>
Fhlannchadha agus Nóinín Ní Chathasaigh.
<br/>
<br/>
**************
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(É ag útamáil leis an bPíopa)</i> Mhairfinn gan bhia.
<br/>
Mhanfinn gan deoch. Ach ní mhairfinn gan tobac.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN An ghrian ag taitneamh. Ceol na bhfuiseog san
<br/>
aer. Siosarnach na gaoithe sna giolca. Grá i gcroí na
<br/>
beirte againn.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Grá, grá, grá! Is cloíte an galar an grá.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Nuair a bhí deireadh le hobair an lae, shiúlamar
<br/>
abhaile le chéile. An ghrian ag druidim siar sa spéir.
<br/>
Scáileanna ag leathnú ar an bhféar. Boladh na sceiche
<br/>
gile san aer. A port deireanach á chantain ag an smólach.
<br/>
Sinne lámh ar láimh. Sinn faoi dhraíocht ag aoibhneas an
<br/>
tráthnóna agus ag aoibhneas an ghrá.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Suainseán ban! Suainseán ban!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Nuair a bhíomar ag scarúint lena chéile ag an
<br/>
ngeata, phóg sé mé. Cheapas gurb iad geataí na
<br/>
bhFlaitheas a bhí tar éis oscailt dom. Ritheas isteach sa
<br/>
tigh faoi mar a bheadh sciatháin orm.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Gleo agus caint! Gleo agus caint!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Níor tháinig riamh ná ó shin samhradh chomh
<br/>
breá leis an samhradh sin. Grian gheal ann sa ló.
<br/>
Gealach mhór bhuí ann san oíche. An bheirt againn ag
<br/>
siúl sa bhóithrín faoi sholas na gealaí, nó inár suí faoin
<br/>
sceach gheal, lámh ar láimh, agus béal le béal.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Drochrath air, mar phíopa! “Tá sé dulta in éag orm.
<br/>
<i>(É ag iarraidh an píopa a dheargadh.)</i>
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Deirtear go mbíonn an diabhal éadmhar le lucht
<br/>
grá. Bíonn sé ag cothú mioscaise eatarthu. Bhí éad ag an
<br/>
diabhal liom féin agus le Peadar Mac Fhlannchadha.
<br/>
Bhíodh sé do mo phriocadh chun toirmisc. Bhíos-sa
<br/>
baoth, ceannéadrom. Bhí seisean teasaí, ceanndána.
<br/>
Níor mhaith leis aon fhear eile a bheith ag féachaint orm
<br/>
ná é ag leagan láimhe orm. Agus an diabhal, an diabhal
<br/>
do mo phriocadh chun fearg a chur air.
<br/>
<br/>
FHEAR An diabhal, an thabhal do mo phriocadh!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Bhí a fhios agam go raibh súil ag Páid Ó Sé i mo
<br/>
<br/>
**************
<br/>
<br/>
dhiaidh. Bhínn ag ligean orm a bheith ag suirí leis
<br/>
d'fhonn éad a chur ar Pheadar.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Éad, éad. éad agus fearg!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN An diabhal a bhí do mo phriocadh an tráthnóna sin
<br/>
ag an gcrosbhóthar.
<br/>
<br/>
<br/>
<i>Alhraítear na soilse de réir a chéile, ionas go mbeidh solas láidir
<br/>
ar lár an stáirse - an áit ma mbeidh an rince ar siúl — agus nach
<br/>
mbeidh ach lagsholas ar an mbeirt sheandaoine ag an dá thaobh.
<br/>
De réir mar a insíonn an tseanbhean an scéal, tagann na daoine
<br/>
óga ar an stáitse. Ligeann siad orthu a bheith ag caint agus ag
<br/>
gáire lena chéile.</i>
<br/>
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Bhí achrann eadrainn an oíche roimhe sin —
<br/>
achrann nárbh fhiú biorán a's é. An saghas achrainn ná
<br/>
tarlaíonn ach amháin idir beirt a bhíonn i ngrá.
<br/>
<br/>
SEIANFHEAR Achrann! Éad agus fearg agus achrann!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Dúras focal tarcaisneach. leis. Focal a ghoill air.
<br/>
Tháinig fearg air. Bhí fearg aran mbeirt againn agus
<br/>
sinn ag scarúint lena chéile an oiche sin.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Achrann agus learg agus éad!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Bhí rince ag an gcrosbhóthar an oíche dár gcionn.
<br/>
Tráthnóna Domhnaigh a bhí ann. Na buachaillí agus an
<br/>
cailíní cruinnithe lena chéile. Fidléir ag déanamh ceoil
<br/>
dóibh. <i>(Tagann an fidléir ar an stáitse.)</i> Bhí cinnte go
<br/>
ndéanfaimis ormsa. M'aintín a chuir chugaim ó Mheiriceá é. Bhí ribín
<br/>
gorm faoi mo choim agam. <i>(Tagann an cailín óg chun
<br/>
tosaigh Í ag socrú an ribín faoina coim.)</i> Bhíos cinnte go
<br/>
ndéanfaimis suas lena chéile arís é, ach theastaigh uaim é
<br/>
a ghriogadh beagáinín i dtosach.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Meon mná mar a bheadh gaoth ann! Teanga mná
<br/>
mar a bheadh nimh ann!
<br/>
<br/>
SEANNBHEAN An gúna deas bán sin! Níor chuireas orm é ach an
<br/>
t-aon uair amháin sin. Bhí rían na fola air sara raibh
<br/>
deireadh lei an rince.
<br/>
<br/>
<i>Géaraítear ar an gceol. Seasann na daoine óga amach ina
<br/>
mbeirt agus ina mbeirt, Téann Páid Ó Sé anonn go dtí Nóinín</i>
<br/>
<br/>
**************
<br/>
<br/>
<i>Síneann sé a lámh chuici. Cuireann sise a lámh ina láimh sin.
<br/>
Déanann siad rince lena chéile i dteannta na coda eile. Fanann
<br/>
Peadar Mac Fhlannchadha i lealaobh agus é ag cur nimh a dhá
<br/>
shúl sa bheirt acu. Nuair a bhíonn deireadh leis an Tinte
<br/>
scarann cuid de na daoine óga óna chéile ach coinníonn Páid Ó
<br/>
Sé a lámh faoi choim Nóinín. Téann Peadar Mac
<br/>
Fhlannchadha anonn chucu.</i>
<br/>
<br/>
PEADAR An rincfidh tú liom, a Nóinín?
<br/>
<br/>
NÓINÍN Tá an rince seo geallta agam do Pháid Ó Se, ná fuil, a
<br/>
Pháid?
<br/>
<br/>
PÁID “Tá, agus an chéad rince eile ina dhiaidh. <i>(le Peadar)</i>
<br/>
Anois duit. Tá freagra faighte agat. Imigh ort agus faigh
<br/>
Páirtí eile duit féin.
<br/>
<br/>
PEADAR Bog di, a spreasáin, nó is duit is measa.
<br/>
<br/>
Páip Bog breá, bog breá, a fhir mhóir! Ná fuil an cailín tar éis
<br/>
a rá leat nach mian léi rince a dhéanamh leat? Ná glacfá
<br/>
leis an bhfreagra sin uaithi, mar a dhéanfadh fear?
<br/>
<br/>
PEADAR Fág mo bhealach, a chladhaire.
<br/>
<br/>
<i>Tugann sé buille do Pháid. Tugann an bheirt aghaidh ar a
<br/>
chéile. Buaileann Peadar an fear eile agus leagann é.
<br/>
Léimeann sé air agus beireann greim scornaí air. Preabann
<br/>
Nóinín chucu agus buaileann Peadar sa droim lena dhá láimh.</i>
<br/>
<br/>
NÓINÍN Bog de, a bhulaí. Bog de, a deirim leat.
<br/>
<br/>
<i>Ní dhéanann sinn ach breis feirge a chur air. Méadaíonn sé ar
<br/>
an ngreim alá aige ar scornach an fhir eile.</i>
<br/>
DUINE DE NA CAILÍNÍ Maróidh sé é;
<br/>
<br/>
DUINE DE NA BUACHAILLÍ Scartar óna chéile iad nó beidh murdal
<br/>
ann.
<br/>
<br/>
<i>Scarlar an bheirt óna chéile. Éiríonn Peadar agus cuimlíonn
<br/>
lámh dá bhaithis, ach fanann an fear eile sínte ar an talamh.
<br/>
Caitheann Nóinín í féin ar a dhá glúin taobh leis agus leagann
<br/>
lámh air. </i>
<br/>
NÓINÍN Tá sé marbh. Tá sé marbh agat, a Pheadair Mhic
<br/>
Fhlannchadha.
<br/>
<br/>
<i>Ardaíonn beirt de na buachaillí an corpán agus tugann siad leo é</i>
<br/>
<br/>
<br/>
**************
<br/>
<br/>
<br/>
<i>Imíonn an chuid eile go mall, Fanann Peadar agus Nómín ag
<br/>
féachaint ar a chéile. Tugann sise a cúl leis agus imíonn, ar dheis.
<br/>
Imíonn seisean go mail ar clé. Athraítear na soilse ionas go mbiónn
<br/>
an solas ar an mbeirt sheandaoine faoi mar a. bhí i dtosach.</i>
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Fear teasaí a bhí ionat, a Pheadair Mhic
<br/>
Fhlannchadha. Ní raibh a fhios agat cad é an neart a bhí
<br/>
i do dhá láimh. Mharaís Páid bocht Ó Sé an tráthnóna
<br/>
léin úd ag an gcrosbhóthar.
<br/>
<i>Tá an seanduine ag míogarnaigh ina chathaoir. Ligeann sé osna.</i>
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Deich mbliana príosúin a gearradh ort de bharr
<br/>
obair an lae sin. Deich mbliana fada.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(É idir chodladh agus dúiseacht)</i> Blianta fada! Blianta
<br/>
fada!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Bhí sé cromtha liath nuair a scaoileadh saor é.
<br/>
Chonac ar an aonach é tar éis dó teacht amach as an
<br/>
bpríosún. Ní dhearna sé ach a cheann a bhualadh faoi
<br/>
agus gabháil tharam gan labhairt liom, gan beannú dom.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Blianta fada! Blianta fada!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Phósas go luath ina dhiaidh sin. Ní fhaca Peadar Mac
<br/>
ó Fhlannchadha riamh ó shin. Chuala gur phós sé agus go
<br/>
raibh clann aige. Bhí clann agam féin. Bhí sé féin ina
<br/>
cheann maith dom, ach níor thugas grá dó faoi mar a
<br/>
thugas grá do Pheadar Mac Fhlannchadha. Peadar Mac
<br/>
Fhlannchadha. Peadar Mac Fhlannchadha an mhí-áidh.
<br/>
<br/>
<i>Tagann Banaltra 1 isteach. Snapann an seanfhear an píoba as
<br/>
a bhéal agus cuireann ina phóca é.</i>
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Conas tá mo bhuachaill ó shin? An ndearna sé
<br/>
dreas maith codlata dó féin?
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Ní dhearnas, ná codladh. Ní fhéadfadh éinne
<br/>
codladh a dhéanamh san áit seo ar a bhfuil de ghleo agus
<br/>
de ghibiris ann.
<br/>
BANALTRA 1 <i>(ag socrú an tsúsa air)</i> Nach tú an peata agam!
<br/>
SEANFHEAR <i>(ag cuimilt a láimhe de chuisle na banaltra)</i> Nóinín
<br/>
Ní Chathasaigh! Nóinín bheag Ní Chathasaigh!
<br/>
SEANBHEAN Cé hé sin ag glaoch as m'ainm orm?
<br/>
<br/>
**************
<br/>
SEANFHEAR <i>(Lámh na banaltra á slíocadh go grámhar aige)</i> Nóinín
<br/>
Ní Chathasaigh. Nóinín bheag Ní Chathasaigh.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Anois, anois, lapaí síos. <i>
(Tugann sí buille beag éadrom
<br/>
dá láimh.)</i> “Tú féin agus do Nóinín Ní Chathasaigh!
<br/>
<i>(Casann sí an chathaoir agus tugann aghaidh ar dheis.)</i>
<br/>
Tabharfad marcaíocht duit timpeall an ghairdín agus
<br/>
thar n-ais arís. Caithfidh tú dul isteach sa tigh ansin agus
<br/>
dreas codlata a dhéanamh.
<br/>
<br/>
Beireann an tseanbhean ar naprún na banaltra agus í ag
<br/>
gabháil thairsti.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Cé hé sin? Cé hé sin ag caint leat?
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Anois, anois, ná tosaighse. Bog díom agus bí i do
<br/>
chailín maith.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Inis dom cé hé an fear sin sa chathaoir.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 <i>(Ligeann sí sciolar gáire)</i> Féach air sin anois. Mo
<br/>
chailín deas óg agus suim aici fós sna fir!
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Inis dom, le do thoil, cé hé an fear sin.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Peadar Mac Fhlannchadha is ainm agus is sloinne
<br/>
dó. Anois, “bhfuilir sástare Nó ar mhian leat go
<br/>
ndéanfainn cleamhnas eadraibh? <i>(Ligeann. sí sciolar eile
<br/>
gáire agus sánn an chathaoir roimbi go mear.)</i> Hup, a
<br/>
chapaill! Beidh rás againn, timpeall an ghairdín agus
<br/>
thar n-ais arís.
<br/>
<br/>
Imíonn sí féin agus an seanduine sa chathaoir.
<br/>
<br/>
SEANBHEAN Peadar Mac Fhlannchadha. Peadar dubh Mac
<br/>
Fhlannchadha, is é atá ann. Phós sé bean eile. Saolaíodh
<br/>
clann dá bhean. Ach féach nach í ainma mhná ná ainm
<br/>
éinne dá chlann atá ina bhéal anois aige, i ndeireadh a
<br/>
shaoil dó, ach m'ainmse, ainm Nóinín Ní Chathasaigh.
<br/>
Nóinín bheag Ní Chathasaigh, mar a thugadh sé orm i
<br/>
gcónaí.
<br/>
Tagann Banaltra 2. An ag caint leat féin ataoi? Agus tá na deora le do
<br/>
shúile. Ó, faire! Ní ceart duit a bheith ag gol lá buí
<br/>
Bealtaine mar seo. Ní haniháih Satá uaigneas ort
<br/>
<br/>
<br/>
**************
<br/>
<br/>
<br/>
<i>(Slíóocann sí gruaig na seanmhná agus cuiremmn, seál ferg bán ar
<br/>
a ceann.)</i> Anois, tánn tú chomh deas péacógach le brídeach.
<br/>
Sciurdann Banaltra I isteach. Cathaoir an tseanduine á sá
<br/>
roimpi. Iad araon ag gáire.
<br/>
<br/>
BANALTRA I Bhí an-rás againn. Timpeall an ghairdín agus
<br/>
thar n-ais atís.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Mise a bhuaigh an rás. Misc a bhí ar tosach.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Tusa a bhuaigh, gan aon amhras. Nach iontach an
<br/>
gaiscíoch tú! 'Tá boladh láidir an tobac uait. Mura mheadh
<br/>
a fhios agam do phíopa a bheith istigh sa tigh, déarfainn gur
<br/>
ag caitheamh tobac a bhís. <i>(Cuimlíonn sí ciarsúr dá bhéal)</i>
<br/>
Anois duit, tánn tú i do bhuachaill deas glan.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR <i>(Lámh na banaltra á slíocadh aige)</i> Nóinín Ní
<br/>
Chathasaigh. Nóinín bheag Ní Chathasaigh.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Tánn tú buíoch díom anois, ná fuilir? <i>(Les an
<br/>
mbanaltra eile)</i> Nuair a bhíonn staimcín air bíonn gach aon
<br/>
mhallacht aige anuas orm, agus nuair a bhíonn sé buíoch
<br/>
díom, tugann sé Nóinín Ní Chathasaigh orm, pé hí féin.
<br/>
<br/>
BANALTRA 2 Cailín éigin a raibh sé i ngrá léi fadó, is dócha.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1 Is dócha é, an t-ainniseoir bocht. <i>(Leis an seanfhear)</i>
<br/>
Anois, a bhuachaill, caithfidh tú dul isteach sa tigh, agus
<br/>
má bhíonn tú go maith, b'fhéidir go dtabharfainn gal
<br/>
den phíopa duit ar ball.
<br/>
<br/>
SEANFHEAR Nóinín Ní Chathasaigh. Nóinín bheag Ní
<br/>
Chathasaigh.
<br/>
<br/>
BANALTRA 1. Seo leat anois, tú féin is do chóiste bodhar. <i>(faíonn
<br/>
siad.)</i>
<br/>
<br/>
BANALTRA 2. <i>(Leis an iseanbhean)</i> Is mithid duitse dul isteach leis,
<br/>
a chailín. Tá tuirse ort, is dóigh liom. Agus nílir isugh
<br/>
leat féin ar chuma éigin. Tá cumha ort, in ionad tú a
<br/>
bheith go suairc sásta tar éis an aga atá caile agat sa
<br/>
ghairdín. Is ea, anois, bogiúnús chun bóthair.
<br/>
Tiomáineann sí cathaoir na seanmhná isleach sa tigh,
<br/>
<br/>
BRAT
</p>
</body>
</html>